Skip to main content
Two women holding a blanket on the beach with two infants playing underneath/Beirt bhan ag imirt le naíonáin.

Tús Maith ar an dTráigh/Tús Maith at the beach.

  • Language Vitality Initiative Seeks Irish Speakers for Family Video Project

    Read this article in English

    Ar thóir cainteoirí Gaelainne do thogra fisiúil tacaíochta teangan

    An cainteoir Gaelainne tú go mbeadh suim agat bheith páirteach i bhfíseáin teanga do theaghlaigh eile atá ag foghlaim na Gaelainne?

    Tá Ionad Chultúrtha Dúchais  agus Béaloidis Smithsonian agus Tús Maith ar thóir dhaoine fásta agus leanaí chun aisteoireacht a dhéanamh ar radharcanna éagsúla saol clainne. Tugann Tús Maith, scéim de chuid Oidhreacht Chorca Dhuibhne tacaíocht do theaghlaigh atá ag tógaint a gclann le Gaelainn, chomh maith céanna leo súid gur suim leo a leithéid a dhéanamh.

    Eagraítear Grúpaí Súgartha, Cuairteanna Baile agus go leor imeachtaí eile chun tacú le teaghlaigh ar a n-aistear teangan. Tá Tús Maith ar thóir teaghlaigh le canúint Chorca Dhuibhne a bheadh ar fáil ar feadh tréimhse scannánaíochta ó dheireadh mhí Lúnasa. Ní gá go mbeadh taithí aisteoireachta agat. Déanfar an scannánaíocht ar fad i gCorca Dhuibhne. Beidh na físeáin seo ar fáil ar chainéal You Tube Thús Maith. Beidh fotheidil ar na físeáin seo, rud a chabhróidh go mór le fuaimniú agus friotal.

    Tá na scripteanna cruthaithe ag Máire Ruiséal, agus tá siad  bunaithe ar Ghaschaint  le Úna Láwlor agus Wendy Shea, foilsithe ag an nGúm. Tá na comhráití simplí agus spórtúil agus múnlaítear úsáid teanga  i suíomhanna clainne éagsúla. Clúdófar dul ar scoil, obair bhaile agus ag lorg stocaí! Is féidir script a thriail anseo le beirt thuismitheoir ag comhrá ag geataí na scoile.

    Tá na fiséáin seo deartha chun cuir le Clár Chuairteoirí Baile Thús Maith, áit a thugann cuairteoirí baile cuairt ar theaghlaigh uair sa tseachtain chun tacú le sealbhú/saibhriú teangan. Beidh buntáiste breise i gceist le na fiseáin sa mhéid go mbeidh teacht ag daoine lasmuigh do Chorca Dhuibhne orthu.

    “Tá súil againn go mbeidh na fiseáin seo ina chabhair duit ar do thuras teangan” a dúirt Orlaith Ruiséal ó Oidhreacht Chorca Dhuibhne. Tá breis eolais le fáil ag orlaith@cfcd.ie.

    Tionscnamh Beocht na Teangan ag an Smithsonian

    Tugann Ionad Chultúrtha Dúchais agus Béaloidis Smithsonian  tacaíocht d’iarrachtaí pobail chun dul i ngleic leis an mbrú teanga atá ar theangacha dúchasacha. Cuireann ár dtaighde agus ár gcláracha go mór le h-úsáid teanga i gcomhthéascaí nua agus traidisiúnta agus meallann sé sláinteacht chultúr dúchais. Oibrímíd le meáin dhigiteacha agus meáin atá ag teacht chun cinn chun stáitse a thabhairt do ghuthanna ar leith agus tuairimí domhanda. Ba mhór linn oideachas a chur ar ghlúinte nua de chleachtóirí teanga pobal agus ar theangeolaithe tré n-ár gceardlainn agus institiúid foirmeálta agus neamhfhoirmeálta. Úsáidtear ár gcuid oibre ar fad chun lucht na mór theanga a chur ar an eolas ar an bhfhiúntais a bhaineann le domhan ilteangach.

    *****

    Are you an Irish speaker interested in creating language learning videos for other families? The Smithsonian Center for Folklife and Cultural Heritage and Tús Maith are seeking children and adults to act out scripted scenes in Irish for an online language learning video series.

    Tús Maith, an initiative of Oidhreacht Chorca Dhuibhne, supports both families raising their children in Irish and those who wish to use more Irish in their daily lives.

    The nonprofit organizes language-based play groups, home language visits to assist parents in their efforts to raise bilingual children, and assists non-Irish-speaking partners to gain language skills. The initiative is looking for individual speakers or families with the Corca Dhuibhne dialect who would be able to film these videos in West Kerry once a week for five to seven weeks during late summer. No acting experience is required.

    Tús Maith will film the scripted family interactions in and around Corca Dhuibhne, Ireland. The instructional videos will be available on their YouTube channel. Final subtitled videos will support families in their language-learning journey with pronunciation and phrasing.

    The dialogue scripts for the videos were created by contracted script writer Máire Ruisael, and are based on the book Gaschaint: Irish Phrases Throughout the Day by Úna Lawlor and Wendy Shea. The dialogues are simple and fun and model language use for different types of family-life scenarios. The scripts cover getting to school, finishing homework, and finding socks! You can try out a script about two parents chatting at school gates.

    These dialogue videos are designed to complement Tús Maith’s Cuairteóirí Baile program, in which language assistants visit with families at home once per week to enrich the home use of language. In addition to in-person language support, the videos have an added benefit of being accessible to parents who live outside of the Corca Dhuibhne Gaeltacht.

    “We hope these videos are a support to you on your linguistic journey,” said Orlaith Ruiséal of Oidhreacht Chorca Dhuibhne. Please reach out her at orlaith@cfcd.ie for more information.

    About the Language Vitality Initiative

    With Indigenous and minoritized languages under threat, the Smithsonian Center for Folklife and Cultural Heritage’s Language Vitality Initiatives supports community-driven language reclamation efforts. Our research promotes language use in new and traditional contexts and strengthens engagement in cultural heritage wellness. We work with digital and emerging media to promote unique voices and worldviews. We seek to educate new generations of community language practitioners and linguists through informal and formal workshops and institutes. All our work is used to educate majority-language users about the benefits of living in a multilingual world.


  • Support the Folklife Festival, Smithsonian Folkways Recordings, Cultural Vitality Program, educational outreach, and more.

    .